Thíos Cois na Trá

Ríomhléitheoir

Acmhainní le hÍoslódáil

Pleann aistir do Thíos Cois na Trá

Foclóir

Cártaí le haghaidh cluichí

Feicim le mo Shúilín

Tóraíocht Taisce

Nodaireacht cheoil do Thíos Cois na Trá

Pleananna Ceachta

1. Gníomhaíochtaí Litearthachta

1.1 Cluichí Snap agus Cluichí Meaitseála

Priontáil agus gearr amach na háiseanna atá oiriúnach do d’aoisghrúpa.

Cluiche meaitseála péirí – Is féidir an cluiche seo a chur in oiriúint do gach rang ó luathlitearthacht na naíonán go rang a 6:
- Meaitseáil pictiúir agus pictiúir agus an focal a rá
- Meaitseáil pictiúir agus focail
- Meaitseáil focail agus focail

1.2 Mata Foclóra

Áis atá oiriúnach do gach rang chun an cúlra coincheapúil agus an foclóir nua a mhúineadh roimh an scéal Thíos Cois na Trá a léamh.

1.3 Feicim le mo Shúilín

Leis an áis "Feicim le mo Shúilín," imir an cluiche i ngrúpaí nó i mbeirteanna...

Feicim le mo shúilín rud éigin a thosaíonn leis an bhfuaim "p" (portán), "f" (faocha), srl.

1.4 Cad atá sa Chiseán?

Ciseán nó mála a líonadh le bréagáin agus / nó fíor-rudaí m.sh. bó, uan, muc, faocha, sliogán, cloch, feamainn srl.

An múinteoir: Tabhair cloch dom.
An páiste ag roghnú an rud cheart agus á thabhairt don mhúinteoir.
"Seo duit cloch!" / "Go raibh maith agat!"

Is féidir leis na páistí eile sa rang a bheith gníomhach agus tuiscint a léiriú le hordóg síos / ordóg suas.

1.5 Cluiche le Púicín

Ciseán nó mála a líonadh le bréagáin agus / nó fíor-rudaí m.sh. bó, uan, muc, faocha, sliogán, cloch, feamainn srl. Roghnaíonn na páistí an rud ceart trí é a láimhseáil gan féachaint air.

Múinteoir: Abair liom cad atá agat?
An páiste: Tá sliogán agam, sílim.
Múinteoir: Tá sliogán agat, maith thú!

Is féidir leis na páistí eile sa rang a bheith gníomhach agus tuiscint a léiriú le hordóg síos / ordóg suas.

1.6 Ping-Pong le Rím

Cuir na pictiúrchártaí nó na luaschártaí ar an mbord idir bheirt. Piocann páiste amháin cárta agus deir sí an focal agus caithfidh an páiste eile an cárta cuí a phiocadh agus an focal a dhéanann rím leis a rá.

Páiste A: muc
Páiste B: broc
Páiste B: banbh
Páiste A: gaineamh
srl.

1.7 Cluiche Teanga: Fíor nó Bréagach

Is féidir an cluiche seo a imirt nuair atá an t-amhrán foghlamtha ag na daltaí agus tuiscint mhaith acu air. Ar dtús, cuireann an múinteoir na ceisteanna ach de réir mar a thagann siad i dtaithí ar an gcluiche, cuireann na daltaí na ceisteanna.

Bhí uan ag lapadaíl sa chuan. Fíor nó bréagach? (fíor)
Bhí bó ag dul as a meabhair. Fíor nó bréagach? (bréagach)
Bhí sionnach sa tóir ar choileach. Fíor nó bréagach? (fíor)
Bhí muc ag siúl amach le sionnach. Fíor nó bréagach? (bréagach)

Is féidir leis an rang iomlán a bheith gníomhach agus tuiscint a léiriú le hordóg síos (bréagach) / ordóg suas (fíor).

1.8 Véarsa a Chumadh

I mbeirteanna nó i ngrúpaí beaga, iarr ar na páistí a véarsa féin a chumadh, a scríobh, a mhaisiú, agus na véarsí nuachumtha a roinnt lena chéile.

2. Plean Aistir

Íoslóidáil plean aistir do Thíos Cois na Trá.

3. Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta

3.1 Rangú Ainmhí Mara agus Ainmhí Talún

Iarr ar na páistí ainmhí a rangú de réir mara agus talún. Is féidir fíor-rudaí, deilbhíní/bréagáin, pictiúir nó luaschártaí a úsáid de réir an aoisghrúpa atá i gceist.

Mar shampla:

Ainmhí Mara Ainmhí Talún
Portán
Bairneach Gabhar
Feamainn Coinín
Crosóg Mhara Uan
Faocha Muc
Smugairle Róin Sionnach
Gráinneog Thrá Broc

3.2 Staidéar Allamuigh

Tugtar cóip de "Thíos Cois na Trá - Tóraíocht Taisce" do gach dalta le húsáid ar staidéar allamuigh. Páistí ar thóir na rudaí léirithe ar an mbileog. Grianghraif a ghlacadh agus/nó samplaí a thabhairt ar ais go dtí an seomra ranga, taispeántas a chur le chéile le lipéidí agus léaráidí.

4. Na hAmharcealaíona

4.1 Breathnú agus Freagairt ar Shaothair Ealaíontóirí Eile

Breathnaigh ar phíosa fíorealaíne, más féidir. Muna bhfuil a leithéid ar fáil, tá píosaí iontacha le fáil ar théama na trá agus na farraige ar shuíomh Gailearaí Náisiúnta na hÉireann.

Mar shampla, féach ar:
- "Muiríoch Beach, Corca Dhuibhne, Co. Ciarraí" le Frederic William Burton
- "Children on a Beach" le Charles Conder
- "Le Terrace de Sainte Adresse" le Claude Monet
- "Becalmed off Halfway Rock" le Fitz Hugh Lane

Cuir ceisteanna oscailte ar na páistí:
- Cad a fheiceann tú?
- Conas a mhothaíonn tú ag breathnú ar an ealaín?
- Cad atá ar siúl sa phictiúr?
- Cathain a cruthaíodh an ealaín, meas tú? Sa lá atá inniu ann nó fadó? Cén fáth a gceapann tú é sin?
- An gcuireann an ealaín aon rud i d’aigne agat?
- An bhfaca tú a leithéid riamh?
- Conas a rinne an t-ealaíontóir an píosa seo? Cad a d’úsáid sé/sí?
- Cad atá á rá ag an bpíosa ealaíne seo, dar leat?
- Smaoinigh ar theideal don phíosa.

4.2 Déan Pictiúr "Faoin bhFarraige"

Ag teastáil:
- Criáin chéarach
- Péint uiscedhath gorm agus glas
- Spúinse nó scuab péintála
- Páipéar A3

Modh:

5. Drámaíocht

5.1 An Suíochán Te

Tugtar cárta do gach páiste le pictiúr d’ainmhí mara nó d’ainmhí talún. Ní thaispeánann na páistí a gcártaí d’éinne. Suíonn páiste sa "suíochán te." Tugtar seans do gach páiste ceist a chur. Éisteann siad chun eolas a bhailiú le fáil amach cén t-ainmhí atá i gceist. An páiste a fhaigheann an freagra ceart, beidh sé nó sí sa "Suíochán Te" don chéad bhabhta eile.

Ceisteanna Samplacha:
- An ainmhí mara thú?
- An gcónaíonn tú ar an bhfeirm?
- An mbíonn tú ag snámh?
- An mbeireann tú uibheacha?
- An peata thú?
- An itheann tú féar?
- An bó thú?

5.2 Cuardaigh do Chineál!

Tá an cluiche seo glórach ach is fiú é don tairbhe agus spraoi a bhaineann leis!

Tugtar cárta do gach páiste le pictiúr d’ainmhí. Bí cinnte go bhfuil ar a laghad dhá cóip de gach ainmhí scaipthe. Ní thaispeánann na páistí a gcártaí d’éinne. Nuair a deir an múinteoir "Ar aghaidh libh, cuardaígí bhur gcineál," siúlann na páistí thart ar thóir a gcineáil ainmhí. Níl cead focal daonna a labhairt. Caithfidh siad ligean orthu gur ainmhí iad agus déanann siad fuaim an ainmhí sin m.sh. "Múúú!" Nuair atá gach páiste ina ghrúpa cuí lena gcineál ainmhí, scaip na cártaí arís don chéad bhabhta eile.

5.3 Thíos Cois na Trá Chonaic Mé...

Bíonn na páistí ina suí i gciorcal. Tosaíonn duine acu le Thíos Cois na Trá, chonaic mé bád. Ag dul timpeall an chiorcail caithfidh gach páiste cuimhneamh ar an méid a dúirt an páiste roimhe agus focal nua a chur leis.

Sampla:
- Páiste 1: Thíos cois na trá chonaic mé bád.
- Páiste 2: Thíos cois na trá chonaic mé bád agus gaineamh.
- Páiste 3: Thíos cois na trá chonaic mé bád, gaineamh agus portán.
- Páiste 4: Thíos cois na trá chonaic mé bád, gaineamh, portán agus faoileán... srl.

6. Ceol

Éist leis an amhrán Thíos Cois na Trá anseo:

Éist le ceol uirlise an amhráin anseo:

Éist le Thíos Cois na Trá ar an bhfeadóg stáin anseo:

Íoslódáil an nodaireacht cheoil do Thíos Cois na Trá.

7. Corpoideachas

"Damhsa Tonnaí Thoraí"

Is féidir an damhsa seo a dhéanamh leis an gceol "Thíos Cois na Trá". Cuireann tonnta an damhsa in iúl dúinn tonnta na farraige ar chósta Oileán Thoraí i gContae Dhún na nGall.

Na páistí in dhá line chothroma ar aghaidh a chéile, agus greim lámh acu ar a chéile sa dá líne.
Isteach 1,2,3, amach 1,2,3. (x 2)
Líne A le lámha in airde, isteach 1, 2, 3. Téann line B faoi na lámha in airde, 1,2,3
Casann na páistí timpeall, le go mbeidh an dá líne ar aghaidh a chéile arís.
Líne B le lámha in airde, isteach 1, 2, 3. Téann line A faoi na lámha in airde, 1,2,3,
Casann na páistí timpeall, le go mbeidh an dá líne ar aghaidh a chéile arís.
An bheirt atá ag barr na línte, siúlann siad lasmuigh dá gcuid línte féin go bun na líne sin, agus leanann na páistí uilig eile.
Beireann an chéad phéire greim lámh ar a chéile ag bun na líne agus lena lámha in airde, déanann siad droichead.
Beireann gach péire greim lámh ar a chéile ar a seal féin agus téann siad faoin droichead go barr na líne.
Casann gach péire timpeall, lámha in airde, ligeann siad don phéire ag teacht chucu dul faoin droichead.
Íslíonn siad a lámha chun dul faoi dhroichead an chéad phéire eile, ardaíonn siad a lámha don chéad phéire eile.
Leanann siad ag ísliú agus ag ardú a ndroichead ag déanamh gluaiseacht cosúil le tonnta na farraige.
Nuair a stopann an ceol, filleann na páistí arís ag tús an damhsa.

8. Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte

Script meabhrú:

"Faoiseamh ar an Trá"

Suigh síos go compórdach ar do chathaoir
Cosa ar an urlár, gan corraí
Lámha go socair ar d’ucht
Éist le mo ghlór agus lean mo threoracha
Dún do shúile
Tarraing d’anáil isteach, go réidh
Lig d’anáil amach, go réidh
Arís, tarraing d’anáil isteach, go réidh
Lig d’anáil amach, go réidh
Cuimhnigh ar an trá – b’fhéidir trá a raibh tú ann ar do laethanta saoire
Lig le d'intinn a bheith ar an trá
Tá tú i do luí sa ghaineamh órga
Fós ag tarraingt d’anáil isteach agus á ligean amach go réidh
Mothaigh an ghrian ag taitneamh ar do chraiceann
Tá tú breá compórdach i do luí faoin ngrian sa ghaineamh
Éist leis na tonnta ag lapadaíl
Éist le glór na bhfaoileán
Fós ag tarraingt d’anáil isteach agus á ligean amach, go réidh
Dírigh isteach ar do chloigeann
Aon imní nó teannas atá i do chloigeann, scaoil amach é
Tá sé imithe anois ar ghaoth na farraige...
Dírigh isteach ar do ghualainn
Aon teannas atá i do ghualainn, scaoil amach é
Tá sé imithe anois ar ghaoth na farraige
Dírigh isteach ar do bhrollach agus do chroí istigh ann
Mothaigh do chroí ag bualadh in éineacht le lapadaíl na dtonnta
Tarraing d’anáil isteach agus amach, go réidh
In éineacht le do chroí agus na tonnta
Aon imní nó teannas atá i do chroí
Scaoil leis ar ghaoth na farraige
Anois tá suaimhneas i do chloigeann
Tá suaimhneas i do chroí
Tá do chorp go hiomlán ar a shuaimhneas
Agus tú i do luí sa ghaineamh faoin ngrian
Lig do scíth tamall
Éist leis na tonnta agus na faoileáin
Tarraing d’anáil isteach agus amach go réidh
Nuair atá tú réidh, fág slán leis an bhfarraige
Oscail do shúile
Tarraing d’anáil isteach go réidh
Sín amach do sciatháin
Do lámha
Do chosa
Lig d’ánáil amach go réidh.

Aitheantas

Cumtha ag Éamonn Bromell
Maisithe ag David Fortune
Deartha ag Sheena Fortune
Pleananna ceachtanna le Máire Ní Ghrádaigh
Curtha in eagar ag Nóirín Ní Ghrádaigh
Ceol le Éamonn Bromell agus Paul Quin
Taifeadta ag Éamonn Bromell, Hazelgate Studio
Foilsithe ag Noiz Entertainment Ltd.
Maoinithe ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta - míle buíochas le Steph Uí Choinne agus Pól Ó Cainín as a gcabhair

Is iad David Fortune agus Sheena Fortune stiúrthóirí an chomhlactha, Me and the Moon